1. Níor fhéad Iósaef smacht a choimeád air féin a thuilleadh os comhair a raibh ag friotháil air; ghlaoigh sé in ard a chinn agus dúirt: “Cuirigí gach aon duine chun siúil ó mo láthair.” Ní raibh aon duine i láthair dá bhrí sin nuair a bhí Iósaef á chur féin in aithne dá dheartháireacha.
2. Ghoil sé os ard agus chuala na hÉigiptigh é agus chuala teaghlach Fhorainn é.
3. “Mise Iósaef,” arsa Iósaef lena dheartháireacha, “agus an maireann m'athair fós?” Ach níor fhan focal freagra dó ag a dheartháireacha le barr uafáis ina láthair.
4. Dúirt Iósaef ansin lena dheartháireacha: “Druidigí i leith chugam, le bhur dtoil”; agus nuair a dhruideadar leis dúirt sé: “Mise bhur ndeartháir Iósaef a dhíol sibh le breith chun na hÉigipte.
5. Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo.
6. Óir tá an gorta sa tír le dhá bhliain agus tá cúig bliana eile le teacht nach gcuirfear síol agus nach mbainfear fómhar.
7. Chuir Dia mise romhaibh chun fuíoll sleachta a choimeád beo ar talamh daoibh, sea agus tarrtháil a dhéanamh ar a lán daoibh.
8. Ní sibhse dá bhrí sin a sheol anseo mé ach Dia, agus chuir sé mé i riocht a bheith i m'athair ag Forann agus i mo thiarna ar a theaghlach go léir agus i m'uachtarán ar chríocha na hÉigipte go léir.