Geineasas 45:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Níor fhéad Iósaef smacht a choimeád air féin a thuilleadh os comhair a raibh ag friotháil air; ghlaoigh sé in ard a chinn agus dúirt: “Cuirigí gach aon duine chun siúil ó mo láthair.” Ní raibh aon duine i láthair dá bhrí sin nuair a bhí Iósaef á chur féin in aithne dá dheartháireacha.

2. Ghoil sé os ard agus chuala na hÉigiptigh é agus chuala teaghlach Fhorainn é.

3. “Mise Iósaef,” arsa Iósaef lena dheartháireacha, “agus an maireann m'athair fós?” Ach níor fhan focal freagra dó ag a dheartháireacha le barr uafáis ina láthair.

4. Dúirt Iósaef ansin lena dheartháireacha: “Druidigí i leith chugam, le bhur dtoil”; agus nuair a dhruideadar leis dúirt sé: “Mise bhur ndeartháir Iósaef a dhíol sibh le breith chun na hÉigipte.

5. Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo.

Geineasas 45