Geineasas 44:21-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Tugaigí chugam anuas é go bhfeicfidh mé le mo shúile cinn é.’

22. Ansin dúramar le d'onóir: ‘Ní féidir don mhac a athair a fhágáil mar má fhágann sé a athair ansin, gheobhaidh a athair bás.’

23. Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Mura dtaga an deartháir is óige agaibh anuas in éineacht libh ní fheicfidh sibh mo ghnúis níos mó.’

24. Nuair a d'fhilleamar ar ár n‑athair, do shearbhónta, d'insíomar dó a raibh ráite agat, a thiarna.

25. Agus nuair a dúirt ár n‑athair: ‘Imígí arís agus ceannaigí beagán bia dúinn,’

26. dúramar: ‘Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.’

27. Ansin dúirt do shearbhónta, m'athair, linn: ‘Tá a fhios agaibh gur rug mo bhean beirt mhac dom;

28. nuair a scar mé le duine acu, dúirt mé: Stolladh, sea agus alpadh é; agus ní fhaca mé riamh ó shin é.

29. Má thógann sibh an ceann seo uaim chomh maith, seolfaidh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.’

30. Má thagaimse dá bhrí sin chun do shearbhónta, m'athair, agus gan an buachaill inár dteannta, ós rud é go bhfuil a chroí istigh sa bhuachaill,

31. titfidh an t‑anam as nuair a fheicfidh sé nach bhfuil an buachaill inár dteannta; agus seolfaidh do shearbhóntaí síos go Seól ár n‑athair, do shearbhónta, agus a cheann liath faoi ualach bróin.

Geineasas 44