Geineasas 44:2-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. agus cuir mo chorn, an ceann airgid, i dteannta airgead a arbhair, isteach i mbéal mhála an té is óige acu.” Rinne sé mar a dúirt Iósaef leis.

3. Lá arna mhárach le breacadh an lae seoladh na fir chun siúil agus a n‑asail leo.

4. Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]

5. Nach as seo a ólann mo thiarna, agus nach leis a dhéanann sé fáistine? Is olc an beart é sin déanta agaibh!’ ”

6. Nuair a tháinig seisean suas leo labhair sé mar sin leo.

7. Dúradar leis: “Cen fáth go labhraíonn tú mar sin, a mháistir? I bhfad ó do shearbhóntaí a leithéid de bheart a dhéanamh!

8. Féach an t‑airgead a fuaireamar i mbéal ár málaí, thugamar ar ais chugat é ó thír Chanán. Conas, más ea, a ghoidfimis airgead ná ór ó theach do thiarna?

9. Má fhaightear ag aon duine de do shearbhóntaí é, cuirtear chun báis é, agus bímis féin inár ndaoir agat, a mháistir.”

10. “Breith bhur mbéil féin oraibh, más ea,” ar sé, “an té ag a bhfaighfear é, beidh sé ina dhaor agam; ach rachaidh an chuid eile agaibh saor.”

11. Ansin leag gach duine a mhála ar an talamh gan mhoill agus d'oscail gach duine a cheann féin.

12. Rinne sé iad a chuardach, ag dul ón sinsear go dtí an sóisear agus fuarthas an corn i mála Bhiniáimin.

13. Stróic siad a gcuid éadaigh, chuir gach duine a ualach ar a asal agus ar ais leo chun na cathrach.

14. Nuair a shroich Iúdá agus a dheartháireacha teach Iósaef, bhí sé ansiúd fós; shléachtadar síos go talamh roimhe.

15. Dúirt Iósaef leo: “Cad é seo atá déanta agaibh? Nach bhfuil a fhios agaibh gur fear feasa mo leithéidse?”

16. “Cad tá le rá againn leat, a thiarna?” arsa Iúdá, “cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.”

17. “Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n‑athar.”

Geineasas 44