Geineasas 43:17-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Rinne seisean rud ar Iósaef agus thug na fir go teach Iósaef;

18. tháinig eagla orthusan mar go rabhadar á mbreith go teach Iósaef agus dúradar: “Táthar dár dtabhairt ann de bharr an airgid a cuireadh ar ais inár málaí arbhair an chéad uair; tabharfaidh siad fúinn; ionsóidh siad sinn agus déanfaidh siad daoir dínn agus gabhfaidh siad ár n‑asail mar an gcéanna.”

19. Suas leo dá bhrí sin chun reachtaire Iósaef agus labhair siad leis ar thairseach an tí:

20. “A thiarna,” ar siad, “thángamar anuas an chéad uair chun bia a cheannach.

21. Nuair a shroicheamar mar a rabhamar chun fanacht thar oíche, d'osclaíomar ár málaí agus b'shiúd airgead gach duine i mbéal a mhála, gan pioc de in easnamh; thugamar linn arís é dá bhrí sin,

22. agus thugamar a thuilleadh airgid linn anuas chomh maith chun bia a cheannach. Ní eol dúinn cé chuir ár gcuid airgid inár málaí arbhair.”

23. “Síocháin daoibh; ná bíodh eagla oraibh,” ar sé. “Is é bhur nDia agus Dia bhur n‑athar a chuir an mhaoin in bhur málaí arbhair daoibh. Fuaireas bhur n‑airgead slán iomlán.” Thug sé Simeon amach chucu ansin.

24. Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n‑asail;

25. chóiríodarsan a dtabhartas agus iad ag feitheamh le Iósaef a theacht um nóin, mar dúradh leo go rabhadar chun bia a chaitheamh ansiúd.

26. Nuair a tháinig Iósaef abhaile thugadar isteach chuige an tabhartas a bhí acu agus shléachtadar go talamh dó.

27. Agus chuir sé ceist orthu conas mar a bhí acu, agus dúirt: “An bhfuil bhur n‑athair ar fónamh? - an seanfhear a luaigh sibh? An maireann sé fós?”

28. “Tá do shearbhónta, ár n‑athair, ar fónamh,” ar siad, “agus maireann sé fós”; agus chromadar a gceann agus rinneadar umhlaíocht dó.

29. D'fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; “An é seo,” ar sé, “an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.”

30. Ansin amach le Iósaef láithreach mar gur tháinig tocht ar a chroí nuair a chonaic sé a dheartháir, agus bhí na deora ag bagairt air. Isteach leis ina sheomra agus ghoil sé ansiúd.

31. Ansin nigh sé a aghaidh agus tháinig amach; ansin, agus greim ar a chroí aige, dúirt sé: “Dáiltear an bia.”

32. Dáileadh a chuid air leis féin agus orthusan leo féin; agus na hÉigiptigh a chaith bia leo, dáileadh orthu leo féin mar ní féidir leis na hÉigiptigh bia a chaitheamh le hEabhraigh - is gráin dearg leo é sin.

33. Cuireadh chun boird iad os a chomhair, an sinsear de réir a shinsearachta agus an sóisear de réir a shóisearachta; d'fhéach na fir ar a chéile le hionadh agus le alltacht.

34. Dáileadh bia orthu ansin ina chodanna ó bhord Iósaef, ach an chuid a cuireadh chun Biniáimin ba mhó faoi chúig í na cuid aon duine eile díobh. D'óladar fíon ina theannta go rabhadar súgach.

Geineasas 43