Geineasas 42:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d'aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: “Cad as daoibh?” ar sé. “Ó thír Chanán,” ar siad, “a thángamar chun bia a cheannach.”

8. Sea, d'aithin Iósaef a dheartháireacha, ach níor aithin siadsan é.

9. Chuimhnigh Iósaef ar na taibhrimh a bhí aige ina dtaobh agus dúirt sé: “Spiairí sibh,” ar sé, “agus chun faisnéis a fháil ar bhaill laga na tíre a tháinig sibh.”

10. “Ní hea ar aon chor,” ar siad, “ach is chun bia a cheannach a tháinig do shearbhóntaí.

11. Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.”

12. “Ní fíor sin,” ar sé leo, “ach is chun baill laga na tíre a fháil amach a tháinig sibh.”

13. D'fhreagraíodar: “Dháréag dearthár, clann an aon fhir amháin i dtír Chanán, is ea sinne, do shearbhóntaí; agus féach tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair, agus tá duine nach maireann.”

14. Ach d'fhreagair Iósaef iad: “Tá an scéal mar a dúirt mé; is spiairí sibh.

15. Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo.

16. Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.”

17. Ansin chaith sé iad go léir isteach i bpríosún ar feadh trí lá.

18. Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;

19. más dream macánta sibh, fanadh deartháir agaibh sa charcair ina bhfuil sibh agus téadh an chuid eile le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

20. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugamsa, i dtreo go bhfíorófaí bhur scéal agus sibh a dhul slán ón mbás.” Rinneadar amhlaidh.

21. Ansin dúradar le chéile: “Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.”

Geineasas 42