24. D'iompaigh seisean i leataobh agus ghoil; ansin d'fhill orthu agus labhair leo; agus thóg sé Simeon uathu agus chuir cuibhreacha air os comhair a súl.
25. D'ordaigh Iósaef ansin a gcléibh a líonadh d'arbhar agus airgead gach duine a chur ar ais ina mhála agus lón bóthair a thabhairt dóibh. Rinneadh amhlaidh dóibh.
26. Ansin chuireadar a n‑ualach arbhair ar a gcuid asal agus d'imíodar leo.
27. Nuair a d'oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.
28. Dúirt sé lena dheartháireacha: “Cuireadh mo chuid airgid ar ais! Seo é i mbéal mo mhála!” Thit an lug ar an lag acu ansin: d'fhéachadar ar a chéile agus scéin orthu: “Ceard é seo a rinne Dia linn?” ar siad.
29. Nuair a d'fhilleadar ar a n‑athair Iacób, i dtír Chanán, d'eachtraíodar dó gach ar tharla dóibh.
30. “An té is tiarna ar an tír,” ar siad, “labhair sé go borb linn á mheas gur lucht braite ar a thír sinn.
31. Ach dúramar leis: ‘Daoine macánta sinne agus ní spiairí;
32. tá dháréag dearthár againn ann, mic ár n‑athar; tá duine againn nach maireann agus tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair i dtír Chanán.’
33. Ansin dúirt an té is tiarna ar an tír linn: ‘Ar an gcuma seo a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh: fágaigí deartháir agaibh anseo liomsa agus imígí libh le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.
34. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugam; ansin is ea a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh agus scaoilfidh mé bhur ndeartháir chugaibh, agus féadfaidh sibh bheith ag margáil sa tír.’ ”
35. Ag folmhú a málaí dóibh, seo spagaí airgid gach duine ina mhála. Nuair a chonaiceadar féin agus an t‑athair na spagaí airgid, tháinig scanradh orthu
36. agus dúirt Iacób, an t‑athair, leo: “Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!”