Geineasas 41:46-52 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

46. Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.

47. I gcaitheamh na seacht mbliana flúirse, thug an talamh fómhar fial uaidh,

48. agus chruinnigh sé gach a raibh de bhia i mblianta na flúirse i dtír na hÉigipte agus chuir i dtaisce é sna cathracha; chuir sé an bia ó na dúichí ina dtimpeall i dtaisce i ngach cathair.

49. Agus thaiscigh Iósaef raidhse mhór arbhair mar ghaineamh na trá, go dtí go ndeachaigh de é a thomhas mar go raibh a thoirt thar tomhas.

50. Rugadh beirt mhac do Iósaef roimh bhliain an ghorta: Ásanat iníon Phóitífeara, sagart On, a bhronn air iad.

51. Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; “mar,” ar sé, “thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m'athar.”

52. Thug sé Eafráim ar an dara mac; “mar,” ar sé, “chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.”

Geineasas 41