2. Bhí fearg ar Fhorann lena bheirt oifigeach, an príomhchornaire agus an príomhbháicéir.
3. Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas.
4. Chuir captaen an gharda Iósaef ina bhfeighil ag fónamh dóibh, agus chaitheadar tamall i ngéibheann.
5. Rinneadh taibhreamh dóibh araon san aon oíche amháin - a thaibhreamh féin lena chiall féin do chornaire agus do bháicéir rí na hÉigipte a bhí faoi ghlas i gcarcair.
6. Nuair a tháinig Iósaef chucu ar maidin chonaic sé go rabhadar gruama,
7. agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: “Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?”