Geineasas 40:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tamall ina dhiaidh seo chiontaigh cornaire rí na hÉigipte agus a bháicéir in aghaidh a máistir, rí na hÉigipte.

2. Bhí fearg ar Fhorann lena bheirt oifigeach, an príomhchornaire agus an príomhbháicéir.

3. Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas.

4. Chuir captaen an gharda Iósaef ina bhfeighil ag fónamh dóibh, agus chaitheadar tamall i ngéibheann.

5. Rinneadh taibhreamh dóibh araon san aon oíche amháin - a thaibhreamh féin lena chiall féin do chornaire agus do bháicéir rí na hÉigipte a bhí faoi ghlas i gcarcair.

6. Nuair a tháinig Iósaef chucu ar maidin chonaic sé go rabhadar gruama,

7. agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: “Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?”

8. “Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”

9. D'inis an príomhchornaire a thaibhreamh do Iósaef: “Ag taibhreamh dom,” ar sé, “chonaic mé fíniúin os mo chomhair.

10. Bhí trí géaga ar an bhfíniúin; a luaithe a sceith sí bhí sí faoi bhláth agus rinne caora aibí dá crobhaingí.

11. Bhí corn Fhorainn i mo láimh. Stoith mé na fíniúna agus d'fháisc mé an súlach astu isteach i gcorn Fhorainn.”

12. Ansin dúirt Iósaef leis: “Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga.

13. Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige.

Geineasas 40