Geineasas 39:6-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. D'fhág sé Iósaef dá bhrí sin i mbun a mhaoine go léir, agus leis-sean ar láimh, ní raibh de chúram air féin ach an bia a chaitheadh sé.Bhí Iósaef córach dathúil,

7. agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.”

8. Ach d'eitigh seisean agus dúirt sé le bean a mháistir: “Féach! de bhrí go bhfuilimse aige, ní chuireann aon ní dá dtarlaíonn sa teach aon mhairg ar mo mháistir; tá gach a bhfuil aige curtha aige faoi mo láimh.

9. Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”

10. Cé go labhraíodh sí le Iósaef ó lá go lá, ní aontódh sé luí léi ná géilleadh di.

11. Lá áirithe chuaigh Iósaef chun an tí i mbun a chúraimí agus ní raibh aon duine de fhoireann an tí ansiúd istigh.

Geineasas 39