10. D'inis sé dá athair agus dá dheartháireacha é agus thug a athair scalladh dó: “Cad é mar thaibhreamh a taibhríodh duit!” ar sé, “an amhlaidh a bheidh mise agus do mháthair agus do dheartháireacha ag teacht agus ag sléachtadh go talamh duit?”
11. Bhí a dheartháireacha in éad leis, ach rinne a athair a mhachnamh ar an scéal.
12. D'imigh a dheartháireacha chun tréad a n‑athar a chur ar féarach in aice le Seicim.
13. Dúirt Iosrael le Iósaef: “Nach bhfuil do dheartháireacha ag aoireacht an tréada i Seicim? Téanam anois agus seolfaidh mé chucu thú.” “Teacht,” ar sé leis.
14. “Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.
15. Bhuail fear leis agus é ar seachrán sna bánta agus d'fhiafraigh an fear de: “Cad tá tú a lorg?”
16. “Táim ar lorg mo dhearthaireacha,” ar sé. “Inis dom, le do thoil, cá bhfuil siad ag aoireacht a dtréada.”
17. “Tá siad imithe leo,” arsa an fear, “mar chuala mé iad á rá: ‘Téimis go Dotán.’ ” D'imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán.
18. Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú.
19. “Seo chugainn,” a dúradar le chéile, “fear na dtaibhreamh.
20. Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.”
21. Chuala Reúbaen an chaint sin agus shaor sé é óna lámha á rá: “Ná maraímis é.
22. Ná doirtigí aon bhraon fola,” arsa Reúbaen leo; “caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air” - mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair.
23. Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige,
24. agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann.
25. Ansin shuíodar síos chun bia.Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.