1. Agus Iacób ar an tslí ar aghaidh, bhuail aingil ó Dhia leis,
2. agus ar a bhfeiceáil do Iacób dúirt sé: “Seo é campa Dé!” agus thug sé Machanáim mar ainm ar an áit.
3. Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,
4. á ordú dóibh: “Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: ‘Seo mar a deir Iacób: D'fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán,
5. agus tá seilbh faighte agam ar eallach agus asail agus tréada, agus ar dhaoir agus daoirseacha. Tá scéala á chur agam ina thaobh seo go dtí mo mháistir le súil go bhfaighinn fabhar i do radharc.’ ”
6. D'fhill na teachtairí ar Iacób á rá: “Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.”
7. Bhuail eagla agus corrabhuais mhór Iacób agus roinn sé an mhuintir a bhí fairis agus a thréada agus a tháinte agus a chamaill ina dhá mbaicle
8. á rá: “Má thagann Éasau ar bhaicle acu agus iad a scrios, tiocfaidh an bhaicle eile, a fhágfar, slán.”
9. Dúirt Iacób: “A Dhia m'athar Abrahám, agus a Dhia m'athar Íosác, a Thiarna a dúirt liom: ‘Fill ar do thír féin agus ar do ghaolta, agus cuirfidh mé conách ort,’
10. ní fiú mé aon phioc den chineáltas buan ná den dílseacht a thaispeáin tú do do shearbhónta. Óir ní raibh agamsa ach mo bhata nuair a ghabh mé thar an Iordáin anseo, agus anois is líon dhá bhaicle mé.
11. Saor mé, impím ort, ó láimh mo dhearthár, ó láimh Éasau, mar is eagal liom é; is baol go n‑ionsóidh sé sinn agus sinn go léir a dhíothú, na leanaí agus a máithreacha chomh maith.
12. Gheall tú féin dom: ‘Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.’ ”
13. Ansin d'fhan Iacób thar oíche san áit sin agus roghnaigh sé bronntanas dá dheartháir as a raibh aige -
14. dhá chéad minseach agus fiche pocán, dhá chéad caora agus fiche reithe,
15. tríocha camall bleacht agus a mbromaigh, daichead bó agus deich dtarbh, fiche asal baineann agus deich stail.
16. Chuir sé a shearbhóntaí ina bhfeighil, gach tréad leis féin, agus dúirt sé lena shearbhóntaí: “Gabhaigí ar aghaidh romham agus fágaigí slí idir gach tréad agus an ceann ina dhiaidh.”
17. Thug sé ordú don chéad duine: “Nuair a bhuailfidh mo dheartháir Éasau leat agus go bhfiafróidh sé: ‘Cé leis tú? Cá bhfuil do thriall? Cé leis an táin seo romhat?’
18. is é freagra a thabharfaidh tú: ‘Le do shearbhónta Iacób. Is bronntanas iad seo a seoladh chun mo thiarna Éasau. Tá Iacób féin ag teacht inár ndiaidh.’ ”