Geineasas 31:6-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tá a fhios agaibhse go bhfuil seirbhís déanta agam do bhur n‑athair le barr mo nirt.

7. Ach rinne bhur n‑athair calaois orm agus d'athraigh mo thuarastal deich n‑uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom.

8. Cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhreaca agat mar thuarastal,’ is óga breaca a bheireadh an tréad go léir; agus cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhallacha agat mar thuarastal,’ is óga ballacha a bheireadh an tréad go léir.

9. Ar an gcaoi sin bhain Dia a stoc de bhur n‑athair agus thug domsa iad.

10. Tharla i séasúr na cúplála gur ardaigh mé mo shúile i dtaibhreamh a bhí á dhéanamh dom agus go bhfaca mé gur fireannaigh bhreaca, bhallacha agus riabhacha a bhí ag reitheadh na mbaineannach.

11. Ansin dúirt aingeal Dé liom sa taibhreamh: ‘A Iacóib!’ ‘Anseo dom,’ arsa mise.

12. Ansin dúirt sé: ‘Ardaigh do shúile agus féach: na fireannaigh go léir atá ag reitheadh baineannach an tréada, táid ballach, breac, nó riabhach óir chonaic mé a bhfuil á dhéanamh ag Lábán ort.

13. Mise Dia Bhéitéil, mar ar chuir tú ola ar an ngallán agus mar ar thug tú móid dom. Éirigh anois agus fág an tír seo agus fill ar do thír dhúchais.’ ”

14. Dúirt Ráchael agus Léá ansin: “An bhfuil aon fháltas nó aon oidhreacht fágtha dúinne i dteach ár n‑athar?

15. Nach meas coimhthíoch atá aige orainn á rá is gur dhíol sé sinn agus gur chaith sé an mhaoin go léir a fuair sé orainn?

16. An mhaoin go léir a thóg Dia ónár n‑athair, is linne í ar ndóigh agus lenár gclann. Déan dá réir sin gach ar ordaigh Dia duit.”

17. D'éirigh Iacób agus chuir sé a chlann agus a mhná ar muin camall

18. agus thiomáin sé a airnéis go léir roimhe amach, an mhaoin go léir agus an airnéis úd leis a ghnóthaigh sé i bPadan Arám, agus thug aghaidh ar thír Chanán agus ar a athair Íosác.

19. Agus Lábán imithe ag bearradh a chuid caorach, ghoid Ráchael íola tí a hathar.

20. Bhuail Iacób bob ar Lábán an tArámach mar nár thug sé aon leid dó go raibh sé ar tí teitheadh.

21. Theith sé lena a raibh aige agus d'imigh leis agus ghabh sé thar an Abhainn ag déanamh ar Shliabh Ghileád.

22. Trí lá ina dhiaidh sin insíodh do Lábán gur theith Iacób.

23. Chuir sé tionól ar a bhráithreacha dá bhrí sin, agus chuaigh sa tóir air ar feadh seacht lá, agus tháinig suas leis ar Shliabh Ghileád.

24. Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”

Geineasas 31