Geineasas 31:41-54 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. Tá fiche bliain caite agam i do theach: rinne mé seirbhís duit ar feadh ceithre bliana déag ar son do bheirt iníon, agus sé bliana ar son do thréada, agus d'athraigh tú mo thuarastal deich n‑uaire.

42. Mura mbeadh Dia m'athar, agus Dia Abrahám, agus Gaol Íosác a bheith ar mo thaobh, bhíos curtha chun siúil beo bocht agat. D'fhéach Dia ar mo thuirse agus ar shaothar mo lámh agus thug sé breith ort aréir.”

43. Ansin d'fhreagair Lábán: “Na hiníonacha seo,” ar sé, le Iacób, “is iníonacha liomsa iad; agus an chlann, is clann liomsa iad; agus na tréada, is tréada liomsa iad; agus gach a bhfeiceann tú, is liomsa iad. Ach cad a d'fhéadfainn a dhéanamh inniu le m'iníonacha nó leis an gclann a d'iompar siad?

44. Téanam anois agus déanaimis conradh, mise agus tusa; agus bíodh sé ina fhinné idir mé agus tú.”

45. Thóg Iacób cloch agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin.

46. Dúirt Iacób lena bhráithre: “Cruinnigí clocha,” agus chruinníodar roinnt cloch agus rinneadar carn. D'itheadar béile ansiúd ar an gcarn.

47. Thug Lábán Iagar Sáhadútá (Carn na bhFinnéithe) air ach thug Iacób Galaed (Carn na Fianaise).

48. Dúirt Lábán: “Bíodh an carn seo ina fhinné idir mé agus tú inniu.” Uime sin a thug sé Galaed air,

49. agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: “Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile.

50. Má dhéanann tú leatrom ar m'iníonacha nó má ghlacann tú mná eile seachas m'iníonacha, cuimhnigh air, tá Dia ina fhinné eadrainn, fág nach mbeidh aon duine farainn.”

51. Dúirt Lábán le Iacób: “Sin é an carn agus sin é an gallán a chuir mé eadrainn.

52. Is finné é an carn agus is finné é an gallán, nach rachaidh mise thar an gcarn seo i d'aghaidh-sé agus nach rachaidh tusa thar an gcarn seo ná an gallán seo i m'aghaidhse.

53. Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,

54. agus d'ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D'itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh.

Geineasas 31