Geineasas 31:23-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Chuir sé tionól ar a bhráithreacha dá bhrí sin, agus chuaigh sa tóir air ar feadh seacht lá, agus tháinig suas leis ar Shliabh Ghileád.

24. Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”

25. Nuair a tháinig Lábán suas leis bhí a bhoth curtha suas ag Iacób sna sléibhte; agus chuir Lábán agus a bhráithre a mboth suas i Sliabh Ghileád.

26. “Céard é seo a rinne tú orm,” arsa Lábán le Iacób, “ag déanamh calaoise orm agus ag sciobadh m'iníonacha leat mar chimí claímh?

27. Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.

28. Níor lig tú dom fiú póg a thabhairt do mo mhic agus do m'iníonacha. Ba amaideach an beart uait é.

29. Tá sé ar mo chumas agam dochar a dhéanamh duit ach dúirt Dia d'athar liom aréir: ‘Ná habair aon ní ar aon chúinse le Iacób.’

30. Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d'athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”

31. D'fhreagair Iacób Lábán: “Bhí eagla orm mar gur mheas mé go mbainfeá d'iníonacha díom le láimh láidir.

32. Ach an té a bhfaighfear do dhéithe ina sheilbh, ní mhairfidh sé beo. Iniúch a bhfuil agam i láthair do bhráithre agus tóg aon ní is leat.” Ní raibh a fhios ag Iacób gur ghoid Ráchael iad.

33. Chuaigh Lábán dá bhrí sin isteach i mboth Iacóib agus i mboth Léá agus i mboth an bheirt ionailt, ach ní bhfuair sé iad. Tháinig sé amach as both Léá agus chuaigh sé isteach i mboth Ráchael.

34. Ach bhí na híola tógtha ag Ráchael agus curtha in úim an chamaill agus bhí sí ina suí orthu. D'iniúch Lábán a raibh sa bhoth ach gan aon ní a fháil.

35. Ansin dúirt [Ráchael] lena hathair: “Ná bíodh fearg ar mo thiarna mar nach dtig liom éirí i do láthair, mar táim dála na mban anois agus arís.” Chuardaigh sé dá bhrí sin ach ní bhfuair sé na híola.

Geineasas 31