Geineasas 3:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.

7. Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d'fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.

8. Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.

9. Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis.

10. D'fhreagair sé: “Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.”

11. “Cé dúirt leat,” ar seisean, “go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d'aithin mé duit gan ithe de?”

12. “An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d'ith mé é.”

13. Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: “Cad é seo atá déanta agat?” D'fhreagair an bhean: “Mheall an nathair mé agus d'ith mé.”

Geineasas 3