4. Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d'Abrahám.”
5. Chuir Íosác Iacób chun siúil agus d'imigh Iacób go Padan Arám, go Lábán mac Bhatúél an tArámach, deartháir Ribeacá, máthair Iacób agus Éasau.
6. Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: “Ná pós bean de mhná na gCanánach”;
7. agus gur ghéill Iacób dá athair agus dá mháthair agus go ndeachaigh sé go Padan Arám.
8. Tuigeadh dó dá bhrí sin nár thaitin mná na gCanánach le hÍosác a athair,
9. agus chuaigh sé go hÍsmeáél agus phós sé bean eile de bhreis ar na mná a bhí aige, Machalat iníon le hÍsmeáél mac Abrahám, deirfiúr Nabáiót.
10. D'fhág Iacób Béar Seaba agus thug aghaidh ar Hárán.
11. Tháinig sé go dtí áit áirithe agus chaith sé an oíche ann mar go raibh an ghrian imithe faoi. Thóg sé cloch de na clocha a bhí ansiúd agus chuir faoina cheann í agus luigh síos mar a raibh sé.
12. Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air.
13. Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: “Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d'athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.
14. Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.