Geineasas 27:4-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Déan béile bia blasta dom mar is maith liom agus tabhair chugam é go n‑íosfaidh mé agus mo bheannacht a chur ort roimh bhás dom.”

5. Chuala Ribeacá an chaint sin á rá ag Íosác lena mhac Éasau. Nuair a chuaigh Éasau amach faoi na bánta dá bhrí sin ar thóir seilge dá athair,

6. dúirt Ribeacá lena mac Iacób: “Chuala mé d'athair ag caint le do dheartháir Éasau anois beag agus á rá leis:

7. ‘Tabhair seilg chugam agus déan béile bia blasta dom. Ansin íosfaidh mé agus cuirfidh mé mo bheannacht ort i láthair an Tiarna roimh bhás dom.’

8. Éist liom dá bhrí sin a mhic, agus déan mar a deirim leat.

9. Téigh go dtí an tréad agus beir leat dhá mheannán mhaithe chugam i dtreo go ndéanfainn béile bia blasta díobh mar is maith le d'athair.

10. Agus tabharfaidh tú chun d'athar é i dtreo go n‑íosfaidh sé agus a bheannacht a chur ort roimh bhás dó.”

11. Dúirt Iacób lena mháthair Ribeacá: “Féach, tá mo dheartháir Éasau lán d'fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín.

12. Má tharlaíonn go mbainfidh m'athair liom, sílfidh sé mé a bheith ag magadh faoi, agus is ní beannacht ach mallacht a thabharfaidh mé sa mhullach orm féin.”

13. “Bíodh an mhallacht sin ormsa, a mhic,” arsa a mháthair leis, “ach éist le mo ghlór, imigh leat agus tabhair chugam iad siúd.”

14. D'imigh sé ag triall ar an dá mheannán dá bhrí sin agus thug chun a mháthar iad agus rinne sise an béile bia blasta a thaitin le hÍosác.

Geineasas 27