Geineasas 27:18-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Chuaigh sé i láthair a athar: “A athair,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean, “agus cé hé thú féin, a mhic?”

19. D'fhreagair Iacób: “Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.”

20. Dúirt Íosác lena mhac: “Nach gasta a fuair tú í, a mhic!” D'fhreagair sé: “Ba é an Tiarna do Dhia a chas i mo threo í.”

Geineasas 27