Geineasas 25:32-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. “Cén tairbhe domsa mo cheart sinsearachta,” arsa Éasau, “agus an bás ag snámh orm?”

33. “Mionnaigh dom ar dtús é!” arsa Iacób. Thug Éasau a mhionn dó ansin agus dhíol a cheart sinsearachta le Iacób.

34. Ansin thug Iacób arán agus brachán lintile do Éasau; d'ith seisean agus d'ól agus d'imigh leis. Sin a raibh de mheas ag Éasau ar a cheart sinsearachta.

Geineasas 25