Geineasas 22:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ansin dúirt Abrahám lena shearbhóntaí: “Fanaigíse anseo leis an asal; rachaidh mise agus an gasúr ansiúd sall; déanfaimid adhradh agus ansin filleadh oraibh.”

6. Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile.

7. Dúirt Íosác lena athair Abrahám: “A dhaid,” ar sé. “Anseo dom!” arsa Abrahám. “Seo é an tine,” ar sé, “agus an t‑adhmad, ach cá bhfuil an t‑uan d'íobairt dhóite?”

8. D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.

9. Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.

10. Shín Abrahám a lámh amach, agus rug greim ar an scian chun a mhac a mharú.

11. Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”

12. Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac, dom.”

13. Ansin d'ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d'ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.

14. Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”

Geineasas 22