12. Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m'athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile.
13. Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m'athar dúirt mé léi: ‘Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.’ ”
14. Ansin fuair Aibímeilic caoirigh agus eallach agus daoir fir agus mná agus bhronn iad ar Abrahám agus thug sé Sárá a bhean ar ais dó.