Geineasas 2:6-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Bhí, más ea, fíoruisce ag brúchtaíl aníos ón talamh agus ag uisciú dromchla na talún go léir.

7. Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.

8. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé.

Geineasas 2