Geineasas 2:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.

13. Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir.

14. An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.

15. Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó.

16. Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: “Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín,

17. ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.”

18. Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”

19. Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t‑ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.

20. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.

21. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall.

22. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.

23. Dúirt an duine ansin:“Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh,Agus is feoil de m'fheoilse í.Tabharfar bean (ís-seá) uirthiMar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”

24. Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.

25. Bhíodar araon lomnocht, an fear agus a bhean, ach gan aon náire orthu.

Geineasas 2