10. Ach shín an bheirt a lámha amach agus tharraing siad Lót chucu isteach, agus dhún an doras.
11. Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.
12. Agus dúirt na fir le Lót: “An bhfuil aon duine eile anseo agat? Do chleamhnaithe, do mhic, d'iníonacha, agus do dhaoine muinteartha go léir sa chathair, beir leat ón áit iad.
13. Óir táimid ar tí an áit seo a scrios mar is éachtach é an liú atá éirithe in aghaidh a mhuintire agus shroich sé i láthair an Tiarna, agus chuir an Tiarna sinn chun é a scrios.”
14. Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: “Téanam,” ar sé, “fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.” Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé.