Geineasas 17:19-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. “Ní hé sin é,” arsa Dia, “ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí .i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh.

20. D'éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.

21. Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.”

22. Nuair a bhí deireadh ráite ag Dia le hAbrahám suas leis uaidh.

23. Ísmeáél a mhac agus na daoir go léir a rugadh ina theach nó a ceannaíodh le hairgead, gach fireannach is é sin dá theaghlach, thóg Abrahám iad agus rinne timpeallghearradh ar fheoil a bhforchraicinn an lá ceannann céanna mar a dúirt an Dia leis.

24. Agus bhí Abrahám nocha naoi mbliana nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.

25. Bhí Ísmeáél a mhac trí bliana déag d'aois nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.

26. Rinneadh timpeallghearradh ar Abrahám agus ar a mhac Ísmeáél an lá céanna sin,

27. agus rinneadh timpeallghearradh fairis ar na fir go léir dá theaghlach, iad siúd a rugadh ina theach agus iad siúd a ceannaíodh ó choigríoch.

Geineasas 17