1. Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
2. agus déanfaidh mé Conradh idir mé agus tú agus cuirfidh mé rath thar na bearta ort.”
3. Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis:
4. “Is leatsa atá mo Chonradh, agus beidh tú i d'athair ar mhórán ciníocha.
5. Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort, óir tá athair ar mhórán ciníocha á dhéanamh agam díot.
6. Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol.
7. Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
8. Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”