Geineasas 16:11-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Agus dúirt aingeal an Tiarna léi:“Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac,agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air,mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.

12. Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé,a dhorn in aghaidh gach duineagus dorn gach duine ina aghaidh,agus é ag spairn lena bhráithre go léir.”

13. Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: “Is tú Dia na Físe,” mar ar sí, “nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.”

14. Uime sin a tugadh Tobar Lachaí Roí (an Bheo a Fheiceann mé) ar an tobar; tá sé idir Cáidéis agus Báiread.

15. Rug Hágár mac d'Abrám agus thug Abrám Ísmeáél ar an mac a rug Hágár.

16. Bhí Abrám sé bliana agus ceithre fichid d'aois nuair a rug Hágár Ísmeáél d'Abrám.

Geineasas 16