1. Bhí Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásar agus Cadarláómar rí Ealám agus Tiodál rí na nGóím i réim
2. agus d'fhear siad cogadh ar Bheara rí Shodom, ar Bhirseá rí Ghomorá, ar Shineáb rí Admá, ar Shiméibir rí Zabóím, agus ar rí Bhéala (is é sin le rá Zoar).
3. Thángadar seo go léir le chéile i nGleann Shidím (Muir an tSáile, is é sin).
4. Bhíodar dhá bhliain déag faoi ghéillsine ag Cadarláómar, ach an tríú bliain déag do chuireadar suas de.