Geineasas 13:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig Abrám ón Éigipt isteach sa Neigib lena bhean agus a raibh aige agus Lót fairis.

2. Bhí Abrám an-saibhir le heallach, le hairgead agus le hór.

3. Ar aghaidh leis de réir a chéile ón Neigib go Béitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth ar dtús idir Béitéil agus Háí

4. mar ar thóg sé altóir roimhe sin. Ghair Abrám ar ainm an Tiarna ansiúd.

5. Agus Lót a bhí ag taisteal fara Abrám, bhí tréada agus eallach agus bothanna leis féin aige

6. i dtreo nár fhéad an talamh iad araon le chéile a chothú mar bhí an iomad maoine acu chun cónaí le chéile.

7. Tharla aighneas dá bhrí sin idir aoirí thréad Abrám agus aoirí thréad Lót (bhí na Canánaigh agus na Pirizigh ina gcónaí sa tír an uair sin).

8. Dúirt Abrám más ea le Lót: “Ná bíodh aon aighneas idir m'aoirí-sé agus d'aoirí-sé, mar is bráithre sinn.

9. Má ghabhann tusa deiseal, rachadsa tuathal; má ghabhann tusa tuathal rachadsa deiseal.”

10. D'ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte - ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin.

11. Roghnaigh Lót gleann na hIordáine dó féin; ghluais Lót soir agus scaradar le chéile ar an gcuma sin.

12. Chuir Abrám faoi i dtír Chanán; chuir Lót faoi i measc cathracha an ghleanna agus d'aistrigh sé a bhoth i gcóngar Shodom.

Geineasas 13