Galataigh 3:10-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: “Is mallaithe gach n‑aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcrích.”

11. Is léir nach bhfíréanaítear duine ar bith ag an dlí i bhfianaise Dé, mar “is le creideamh a mhairfidh an fíréan”.

12. Ní ar chreideamh atá an dlí ag brath, áfach, mar is é a deirtear sa dlí “an té a dhéanfaidh na nithe seo beidh sé beo dá mbarr”.

13. Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”

14. Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.

15. Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.

16. Anois, is d'Abrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní “do do shíolta” atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach “do do shíol” - ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost.

17. Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.

18. Más le ceart dlí a thagann an oidhreacht, ní de bharr gealltanais í a thuilleadh. Is trí ghealltanas, áfach, a bhronn Dia ar Abrahám í.

19. Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.

20. Níl feidhm le hidirghabhálaí ag duine aonair agus is aon Dia.

Galataigh 3