Galataigh 2:17-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ach má fhaightear go bhfuilimidne peacúil leis agus sinn ag lorg na fíréantachta i gCríost, an bhfuil, más ea, lámh ag Críost sa pheaca? Níl ar chor ar bith!

18. Má dhéanaim-sé, áfach, an córas a leag mé ar lár a chur suas arís, cruthaím ansin go bhfuilim ciontach.

19. Mar is tríd an dlí a fuair mise bás i leith an dlí chun go mairfinn beo i leith Dé; céasadh ar an gcrois mé in éineacht le Críost

20. agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.

21. Níl grásta Dé agam á chaitheamh uaim, óir más ón dlí a thagann fíréantacht, fuair Críost bás in aisce.

Galataigh 2