Filipigh 4:21-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Beirigí beannacht chun gach duine den phobal naofa in Íosa Críost. Cuireann na bráithre atá in éineacht liom a mbeannacht chugaibhse.

22. Cuireann an pobal naofa uile anseo a mbeannacht chugaibh agus iad sin go háirithe a bhaineann le teaghlach Chéasair.

23. Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile.

Filipigh 4