Eoin 8:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.

10. D'éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”

11. “Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”]

12. Labhair Íosa leo arís más ea:“Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil.An té a leanfaidh mise,ní shiúlfaidh sé sa dorchacht,ach beidh aige solas na beatha.”

13. Dúirt na Fairisínigh leis ansin: “Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl d'fhianaise iontaofa.”

14. D'fhreagair Íosa:“Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin,is iontaofa í m'fhianaise,óir is eol dom cad as ar tháinig méagus cá bhfuil mo thriall.Ach ní eol daoibhsecad as ar tháinig ménó cá bhfuil mo thriall.

15. Tugann sibhse breith de réir na colainne;ní thugaimse breith ar aon duine.

16. Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith,óir ní i m'aonar atáim,ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.

17. Agus tá sé scríofa in bhur ndlígo bhfuil fianaise beirte iontaofa.

18. Tugaimse fianaise i mo thaobh féin,agus tugann an tAthair a chuir uaidh méfianaise i mo thaobh.”

19. Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa:“Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair.Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”

20. Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.

Eoin 8