Eoin 8:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. “A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais.

5. D'ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?”

6. Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.

7. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d'éirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”

8. Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh.

9. Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.

Eoin 8