61. Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?
62. Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?
63. Is é an spiorad a dhéanann beoú,ní dhéanann an fheoil aon tairbhe.Na focail atá ráite agam libh,is spiorad agus is beatha iad.
64. Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.”Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath.
65. Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d'aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m'Athair.”
66. Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.
67. Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: “Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?”
68. D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,
69. agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.”
70. D'fhreagair Íosa iad: “Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.”
71. Is ar Iúdás mac Shíomóin ó Isceiriót a bhí sé ag caint; óir bhí seisean chun é a bhrath agus gur dhuine den dáréag é.