Eoin 6:61-66 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

61. Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?

62. Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?

63. Is é an spiorad a dhéanann beoú,ní dhéanann an fheoil aon tairbhe.Na focail atá ráite agam libh,is spiorad agus is beatha iad.

64. Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.”Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath.

65. Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d'aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m'Athair.”

66. Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.

Eoin 6