Eoin 6:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Lá arna mhárach chonaic an slua a d'fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t‑aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin.

23. Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna.

24. Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa.

25. Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?”

26. D'fhreagair Íosa:“Amen, Amen, a deirim libh,tá sibh ar mo lorg,agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaíach de bhrí gur ith sibh na builíníagus go bhfuair sibh bhur sáith.

27. Ná saothraigí an bia a théann amú,ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí,é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh.Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”

28. Dúirt siad leis ansin: “Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?”

29. D'fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”

Eoin 6