Eoin 5:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.

3. Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne - daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce.

4. Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).

5. Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid.

6. Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?”

7. “A dhuine uasail,” arsa an t‑easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.”

8. Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.”

9. Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.

Eoin 5