25. Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”
26. Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”
27. Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”
28. Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d'imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:
29. “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”