Eoin 2:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”

18. D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”

19. D'fhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.”

20. Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”

21. Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt.

22. Nuair a d'aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.

23. Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.

24. Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurb aithnid dó iad go léir.

25. Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine.

Eoin 2