Eoin 19:30-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.

31. Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide - óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin - rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.

32. Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis.

33. Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí,

34. ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach.

35. Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith.

36. Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.”

37. Agus tá scrioptúr eile a deir: “Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.”

38. Ina dhiaidh sin d'iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit - ba dheisceabal d'Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach - corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead.

39. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin - é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús - tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.

Eoin 19