Eoin 18:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: “Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n‑ólfaidh mé é?”

12. Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal,

13. agus sheol siad ar dtús go dtí Annas é, mar ba é athair céile Cháiafas é a bhí ina ardsagart an bhliain sin.

14. Ba é Cáiafas seo a thug an chomhairle úd do na Giúdaigh gurbh é a leas é go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail.

15. Rinne Síomón agus deisceabal eile Íosa a leanúint. Ba aithnid an deisceabal sin don ardsagart, agus mar sin chuaigh sé isteach le Íosa i gcúirt an ardsagairt,

16. ach d'fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach - é seo a ba aithnid don ardsagart - labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach.

17. Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: “An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?” Dúirt seisean: “Ní hea.”

18. Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh á ngoradh féin. Bhí Peadar comh maith ina sheasamh in éineacht leo, á ghoradh féin.

19. Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc.

20. D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.

21. Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.”

Eoin 18