Eoin 16:20-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Amen, Amen, a deirim libh,beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh,ach beidh an saol ag déanamh áthais.Beidh sibhse buartha,ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.

21. Nuair a bhíonn bean ina luí seoil,bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha.Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe,ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh,le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.

22. Agus sibhse mar an gcéanna,tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh,agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais,agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.

23. An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm.Amen, Amen, a deirim libh,má iarrann sibh ní ar bith ar an Athairtabharfaidh sé daoibh é i m'ainm-sé.

24. Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm.Iarraigí agus gheobhaidh sibh,chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.

25. Labhair mé an méid sin libh i solaoidí.Tá an t‑am ag teacht,nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí,ach inseoidh mé daoibh go soiléirmar gheall ar an Athair.

26. Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin,agus nílim á rá libhgo ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.

27. Óir tá cion ag an Athair féin oraibh,de bhrí go raibh cion agaibh orm,agus gur chreid sibhgur ó Dhia a ghabh mé amach.

28. Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol.Táim ag fágáil an tsaoil arís,agus táim ag triall ar an Athair.”

29. Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.

30. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”

31. D'fhreagair Íosa iad:“An gcreideann sibh anois?

Eoin 16