Eoin 15:15-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.Ach thug mé cairde oraibh,óir gach a gcuala ó m'Athair,chuir mé in iúl daoibh é.

16. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,ach mise a rinne sibhse a thoghadh,agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibhagus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm,go dtabharfadh sé daoibh é.

17. Is iad seo m'aitheanta daoibh:sibh a thabhairt grá dá chéile.

18. “Má thugann an saol fuath daoibh,bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.

19. Dá mba den saol sibhbheadh cion ag an saol ar a chuid féin.Ach de bhrí nach den saol sibhach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol,uime sin atá fuath ag an saol daoibh.

20. Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh:‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir.Má rinne siad géarleanúint ormsa,déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith.Má choinnigh siad mo bhriatharsa,coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.

Eoin 15