7. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,d'aithneodh sibh m'Athair chomh maith.Tá aithne agaibh air feasta,agus tá radharc faighte agaibh air.”
8. Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.”
9. Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm?An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.Conas, mar sin, a deir tú:‘Taispeáin dúinn an tAthair’?
10. Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa?Na briathra a labhraímse libh,ní uaim féin a labhraím iad,ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa,eisean a dhéanann na hoibreacha.
11. Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa.
12. Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin.Amen, Amen, a deirim libh,an té a chreideann ionamsa,na hoibreacha a dhéanaimse,déanfaidh seisean iad chomh maith,agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad;mar táimse ag dul chun an Athar.
13. Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é,i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.
14. Má iarrann sibh aon ní orm i m'ainm,déanfaidh mé é.
15. Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.
16. Agus iarrfaidh mé ar m'Athair é,agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibhchun fanacht faraibh go deo -
17. Spiorad na Fírinne,nach féidir don saol a ghlacadh,mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é.Ach aithníonn sibhse émar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.
18. Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh;tiocfaidh mé ar ais chugaibh.