Eoin 13:33-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.Beidh sibh ar mo lorg,agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,deirim libhse arís:‘An áit ina bhfuilimse ag dulní féidir daoibhse teacht.’

34. Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,go dtabharfadh sibh grá dá chéile;faoi mar a thug mise grá daoibhse,go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.

35. As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibhmá bhíonn grá agaibh dá chéile.”

36. Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”

37. Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.”

Eoin 13