Eoin 13:22-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.

23. Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó.

24. Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”

25. Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?”

26. D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.

Eoin 13