Eoin 13:20-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Amen, Amen, a deirim libh,an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim,is mise a ghlacann sé;agus an té a ghlacann mise,glacann sé an té a chuir uaidh mé.”

21. Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”

22. D'fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.

23. Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó.

24. Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”

25. Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?”

26. D'fhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é.

27. Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!”

28. Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a dúirt sé é sin leis;

29. óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”

30. Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus d'imigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann.

31. Nuair a d'imigh sé amach, dúirt Íosa:“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois,agus tá glóir faighte ag Dia ann.

32. Má fuair Dia glóir ann,tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin,agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.

33. A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.Beidh sibh ar mo lorg,agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,deirim libhse arís:‘An áit ina bhfuilimse ag dulní féidir daoibhse teacht.’

Eoin 13